Amharclann Ghaoth Dobhair

Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.

Imeachtaí le theacht

Níl imeachtaí ar bith cláraithe

Caifé Ard na gCeapairí

Tá smailcbhia agus sólaistí blasta le fáil sa chaifé, atá foscailte don phobal idir 11-4 Luain-Aoine gach tseachtain. Ar an bhia-chlár tá pizza, réimse leathan de cheapairí agus panini, chomh maith le cácaí agus milseáin.
Tá an caifé ar fáil d’imeachtaí chomh maith.

Stair na hAmharclainne

Rinne Aisteoirí Ghaoth Dobhair an chéad dráma riamh a léiriú i halla Dhoire Beag i 1932, agus bhog siad ansin go halla na Machaireacha i 1934. Ach, le fírinne bhí siad ag obair ina gcuid tithe féin i bhfad roimhe sin…

Níos Mó

Le Tacaíocht Ó

údarás Logo

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir leis an Amharclann a fháil.