Aisteoirí Ghaoth Dobhair
Rinne Aisteoirí Ghaoth Dobhair an chéad dráma riamh a léiriú i halla Dhoire Beag i 1932, agus bhog siad ansin go halla na Machaireacha i 1934. Ach, le fírinne bhí siad ag obair ina gcuid tithe féin i bhfad roimhe sin. Ba i dtigh Neidí an Gabha Rua i Srath na Corcra a bhunaigh Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Cathal Mac Giolla Easpuig Cumann Aisteoirí Ghaoth Dobhair i 1931. Scríobh Eoghan drámaí mar ‘In Aimsir an Mháirtinigh’ fá chogadh na talún agus fan Athair Séamus Mac Pháidín, agus chuir an pobal suim mhór iontu agus bhí bród orthu as seasamh a muintire.
Ar an drochuair, fuair Eoghan Mac Giolla Bhríde bás go hóg i 1939 agus ghlac a dheirfiúr Áine, a bhí ina múinteoir óg ag an am, le stiúradh na n-Aisteoirí. Faoina stiúr ghnóthaigh siad Craobhacha Oireachtais sna blianta 1952-1955, agus go leor gradaim eile.
Bhain Aisteoirí Ghaoth Dobhair clú agus cáil amach don pharóiste agus don chontae ar fud na hÉireann agus in Alban. Tá toradh a gcuid oibre le feiceáil go forleathan. Ba de bhunadh Aisteoirí Ghaoth Dobhair, mar shampla, na daoine a rinne cláracha teilifíse mar CU Burn, Gleann Ceo, FFC agus cláracha eile.
Sna blianta roimhe sin, bhí coirmeacha ceoil á n-eagrú agus d’eascraigh grúpaí cosúil le Clannad, Altan, Dinny Mc Laughlin, Clann Uí Churráin agus go leor grúpaí eile as na coirmeacha ceoil sin.
Tógáil na hAmharclainne
Faoin bhliain 1955, bhí cúig chorn is fiche bainte ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus shochair Pa Ó Donnell T.D. a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, go mbeadh deontas de dhá mhíle dhéag punt le fáil acu ón Rialtas, ach iad féin tri mhíle punt a chur isteach ar dtús. Fuair siad maoiniú ó Ghael Linn agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó dhreamanna eile. Chosain tógáil na hAmharclainne 25,000 punt.
Rinneadh cuid mhór oibre ag an am leis an airgead sin a bhailiú tré dhrámaí a léiriú ar fud na tíre. I 1957, léirigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair; Lá Fhéile Mhíchíl, Neart na Córa agus Aintín Shearláis ar feadh trí oíche i Halla Dixon i nGlaschú. Bhí siad go minic i mBéal Feirste agus i mBaile átha Cliath chomh maith le háiteanna eile ar fud na tíre.
D’oscail an t-aisteoir Siobhán Ni Chionnaith Amharclann Ghaoth Dobhair go hoifigiúil i 1961 agus lean an drámaíocht ar aghaidh i nGaoth Dobhair ó shin agus bhí Tomás Mac Giolla Bhríde ag léiriú drámaí suas go dtí 2013, cúpla mí sula bhfuair sé bás. Ba mhór an chailliúnt é, bhí sé mar chnámh droma ag an Amharclann ó fosclaíodh é.
Ath-Chóiriú & Ath-Oscailt
Bhí an amharclann as úsáid le roinnt blianta ach rinneadh ath-chóiriú uirthi agus d’oscail sí arís don phobal ar an 24ú Márta 2017.
Stadas dleathúil Aisteoirí Ghaoth Dobhair
Tá stádas carthanachtach ag Amharclann Ghaoth Dobhair. (Amharclann Gaoth Dobhair an t-ainm dleathúil). Is iad seo a leanas na hiontaobhaithe:
Áine Mhic Iomhair, Mánas Ó Domhnaill, Bernadette Ní Mhaolagáin, Pól Mac Cumhaill, Aodh Mac Fhionnghaile, Aodh Ó Duibheannaigh, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, agus Micheál Ó Duibhir.