
Date/Time
Date(s) - 07/05/2025
8:00 pm - 9:30 pm
Location
Amharclann Ghaoth Dobhair
Categories No Categories
Ticéad/Ticket :- €10 ar an doras/on the door.
Beidh LMDG ag cuir an dráma aitheanta “Cider Park” ar an ardán in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an Chéadaoin an 7ú Bealtaine agus in Amharclann an Ghrianan ar an 10ú Bealtaine.
Seo dráma nua scríofa ón drámadóir Kieran Kelly as Leitir Ceanainn atá ina bhall lárnach den ghrúpa LMDG le blianta fada. Bhua an léiriú seo cuid mhór gradaim aitheantais ag féilte drámaíochta ar fud na tíre, le buaicphointe nuair a bhua an dráma Craobh na hÉireann ag an Fhéile Náisiúnta do dhrámaí aon ghníomh ar an Nás i gContae Chill Dara i mí na Nollag 2024. Bronnadh an gradam don aisteoir ab fhearr ag an Fhéile ar Kieran Kelly chomh maith agus é sa ról lárnach mar JP.
Mar thoradh ar an éacht seo tá cuireadh tugtha don ghrúpa an dráma a léiriú ag an Fhéile Náisiúnta do Dhrámaí 3 ghníomh in Áth Luain ar an 17ù Bealtaine ach beidh deis ag pobal Leitir Ceanainn agus Ghaoth Dobhair & iarthar na contae an dráma a fheiceáil – don am dheireanach- roimh a dturas go Áth Luain.
In éineacht le Kieran Kelly mar JP sa dráma,tá Andrew Tinney (Georgie) agus sa pháirt Ritchie tá Cathal Ó Gallchóir (as Gaoth Dobhair, a bhfuil aithne mhaith air mar bhall de Aisteoirí Ghaoth Dobhair). Is é Michael Leddy stiúrthóir an dráma, agus ar an foireann stáitse tá Tom Neillis agus Eoghan Mac Giolla Bhrighde (a bhfuil aithne leitheadach air fosta mar bhall de Aisteoirí Ghaoth Dobhair).
Mar sin na cailligí an deis dheireanach seo leis an dráma úr, greannmhar agus spreagúil seo a fheiceáil agus am a chaitheamh le JP, Georgie agus Ritchie in Cider Park.
Ticéidí ar fáil ó oifig ticéidí an Ghrianan nó ar líne ag
www.angrianan.com .
Ticéidí ar fáil ó Amharclann Ghaoth Dobhair trí scairt a chuir ar 074 9531611 nó ar an oíche.
Mar eolas tá an dráma i mBéarla.
Another chance to see Letterkenny Music and Drama Group’s multi-award winning one act drama Cider Park.
WINNER BEST PLAY ADCI/DLI All Ireland One Act Finals 2024
WINNER BEST ACTOR ADCI/DLI All Ireland One Act Finals 2024
Are any of us unique? Or are we all merely photocopies of what has come before? Is anything we say or do truly original? These are just some of the philosophical ramblings debated by friends JP and Georgie as they sup their cans in an old, abandoned playground known as ‘Cider Park’. When they are joined by the much older Ritchie, each of the three men are forced to confront their pasts, their present and their futures as they finally come to understand what it means to be human.
Written by Kieran Kelly
Directed by Michael Leddy
Presented by Letterkenny Music & Drama Group