Date/Time
Date(s) - 22/09/2023
7:00 pm - 9:30 pm
Location
Amharclann Ghaoth Dobhair
Categories No Categories
Amharclann Ghaoth Dobhair
Oíche Chultúir 2023
Ar an scáthlán
7i.n. – 7:30i.n. Glór na Gaeltachta Clár 11 – An Crann Óg
7;45i.n. – 9:30i.n. Glór na Gaeltachta – Rogha
Glór na Gaeltachta
Le linn na tréimhse dianghlasáil, mar gheall ar Covid, thug Amharclann Ghaoth Dobhair cuireadh foscailte d’ealaíontóirí Gaelach, bíodh siad óg nó aosta, go haonarach nó mar ghrúpa, píosa ealaíonta nó scil faoi leith a thaifead agus é a sheoladh chugainn.
Seoladh píosaí drámaíochta, aithriseoireachta, damhsa, sceitse; píosaí ceoil, amhránaíochta; píosa comhrá, sliocht, dánta srl. chugainn.
Mar gheal ar na srianta a bhain le Covid 19 rinne muid an cur i láthair agus físeán réamhthaifeadta de na healaíontóirí a chur le chéile mar chlár, leath uair a chloig, roimh ré.
Thug muid Glór na Gaeltachta ar an chlár agus le cead na n-ealaíontóirí, roinn muid an ábhair taifeadta ar shuíomh na hAmharclainne agus ar na meáin shóisialta, chun go mbeidh sé mar ábhar siamsaíochta, ábhar dóchais agus ábhar chun daoine a spreagadh le linn an tréimhse éiginnte sin.
D’oíche Chultúir 2023 tá an tAmharclann ag cuir dhá chár le cheile, ag piocadh píosaí amach as 27 gclár do Glór na Gaeltachta agus iad a thaispeint ar an scathlán mhór.
Ar 7 i.n. beidh clár leath uair a chloig do phíosaí roghnaithe ó dhá ceolchoirm a rinne an Crann Óg san Amharclann 2018.
Ansin ar 7:45i.n. beidh clár uair agus trí cheathrú don chuid is fearr do Glór na Gaeltachta le feicáil agus leis an fhírinne a rá thiocadh liom cupla uair a chloig a thaispeáint mar go raibh an caighdeán go h-ard sin.
Siad Cathal Ó Curráin, Áine Ní Fhearraigh, Noel Ó Gallchóir, Mairéad Ní Mhaonaigh, a iníon Nia, Na Mooneys, Ciaran Mooney & Caitlín Níc Gabhain, Marcas & Róise Ó Murchú, Aoife Ní Fhearraigh, Rosie Ní Cholla, Pádraig Mac Niocaill, Éamonn Ghráinne Mac Ruairí, Horslips, Kila, Rachel Akkoc, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, Brí Carr, Clann Mhic Ruairí, Diane Ni Channain, Cór Taobh a Leitheid, Norland Wind & Cáirde, Bríd Ní Neachtain, Eve Bell, Moya Brennan agus a Chlann, Daniel ó Donnell agus Emma Ní Fhíoruisce atá roghnaithe don Oíche Chultúir.
Oíche mhaith siamsaíocht agus físeán d’ard chaighdeán. Ár mbuíochas do na h-ealaíontóirí uilig, gach duine a ghlac pairt nó ar chuidigh ar dhoigh ar bith. Go raibh maith agaibh.