Date/Time
Date(s) - 19/05/2023
8:00 pm - 9:30 pm
Location
Amharclann Ghaoth Dobhair
Categories No Categories
19 Bealtaine 2023 8pm
Arna stiúradh ag Ruben Östlund (An tSualainn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe | 142 nóim | 2022 | 15A) I mBéarla, le fotheidil i nGaeilge
Aoir ina n-aistrítear róil agus aicme agus ina nochtar luach geilleagrach na háilleachta. Tá Carl agus Yaya ag plé le faisin agus iad ag fiosrú teorainneacha a gcaidreamh. Tugtar cuireadh don lánúin dul ar thuras mara le scaifte de phaisinéirí atá iontach saibhir, oligarch Rúiseach, déileálaithe arm na Breataine agus captaen idiosyncratach, alcólach. Ar dtús, is cosúil go bhfuil achan rud ceart go leor. Ach tá stoirm ag teacht, agus buaileann tinneas farraige na paisinéirí le linn dinnéar an chaptaen. Críochnaíonn an turas mara go tubaisteach. Tagann Carl agus Yaya ar oileán tréigthe le grúpa billiúnaithe agus duine de ghlantóirí na loinge. Go tobann iompaíonn achan rud bun os cionn, mar is é an coimeádaí tí an t-aon duine a bhfuil eolas aige ar an dóigh le iascaireacht a dhéanamh.
Tá moladh mór ag dul don scannán, agus tá go leor duaiseanna buaite agus ainmniúcháin faighte ag féilte scannán ar fud an domhain lena n-áirítear:
Féile Scannán Cannes: Palme d’Or (buaiteoir)
Gradaim Acadaimh: An pictiúr is fearr (ainmnithe); Scáileán Bunaidh is Fearr (ainmnithe); An Stiúrthóir is Fearr (ainmnithe)
Gradaim Scannán na hEorpa: An Scannán is Fearr (buaiteoir); Stiúrthóir is Fearr (buaiteoir), Aisteoir is Fearr (buaiteoir); Scríbhneoir Scáileáin is Fearr (buaiteoir)