Amharclann Ghaoth Dobhair
Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach seo.
Imeachtaí le theacht
-
18 Beal 2024
Ceolchoirm leis An Chrann Óg
Is grúpa de cheoltóirí óga sárchumasacha iad ó Ghaoth Dobhair...
Eolas/Ticéid
Stair na hAmharclainne
Rinne Aisteoirí Ghaoth Dobhair an chéad dráma riamh a léiriú i halla Dhoire Beag i 1932, agus bhog siad ansin go halla na Machaireacha i 1934. Ach, le fírinne bhí siad ag obair ina gcuid tithe féin i bhfad roimhe sin…