
Dáta/Am
Data(í) - 12/11/2022
8:00 in - 10:00 in
Láthair
Amharclann Ghaoth Dobhair
https://www.eventbrite.ie/e/an-cosan-draiochta-tickets-431790806927
PREASEISIÚINT
An Cosán Draíochta
Saothar Nua Ceoil i gcuimhne ar Johnny Connolly
ar Chamchuairt Náisiúnta
Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh An Cosán Draíochta, saothar úrnua leis an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair, Johnny Pháraic Phíotair, ag dul ar chamchuairt náisiúnta, ag tosnú 21 Dheireadh Fómhair, agus in Amharchlann Ghaoth Dobhair ar 11 Samhain.
Johnny Connolly; Johnny na gConnollys; Johnny Phádraic Phíotair; Johnny Phádraig Phíotair Thomáis Mhichil Thaidhg; Johnny Inis Bearachain; Sean-Johnny; Rí an Mhileoidean – is cuma cén t-ainm a luaitear leis, is é an duine céanna a thagann chun cuimhne – fear uasal, ceolmhar, gealgháireach, spraíúil a chuir spiorad agus anam sa cheol a sheinn sé, a lonraigh an seomra lena mheangadh gáire, agus a chuir rithim sheasta ar fáil do dhamhsóirí ar an sean-nós ar fud an domhain.
Tar éis bháis Johnny i 2019, bhronn Stiúideo Cuan coimisiún ar a mhac, an boscadóir clúiteach, Johnny Óg Connolly, chun saothar nua ceoil a chumadh in ómós agus i gcuimhne a Dheaide.
Ceol nua ar fad atá anseo, curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Johnny Óg Connolly (bosca), Clíodhna Ní Choisdealbha (banjó), Ciara Ní Bhriain (fidil), Pádraig Ó Dubhghaill (giotár), Jim Higgins (cnaguirlisí & Pianó), Seosamh Ó Neachtain (damhnsa) agus an t-amhránaí cumasach Áine Ní Dhroighneáin.
Tá An Cosán Draíochta á léiriú ag Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir cruthaitheach Stiúideo Cuan, a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige as ucht caighdeán agus cruthaitheacht a chuid oibre.
An Cosán Draíochta
Dátaí Camchuairte Samhain/Deireadh Fomhair
Aoine 21/10 Triskel Arts Centre, Corcaigh
Satharn 22/10 Smock Alley, Baile Átha Cliath.
Domhnach 23/10 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Déardaoin 03/11 Oireachtas na Samhna, Cill Áirne.
Aoine 04/11 Glór, Ennis, Co an Chláir.
Dé Máirt 08/11 Town Hall Theatre, Gaillimh
Dé Céadaoin 09/11 Theatre Royal, Port Láirge.
Aoine 11/11 Solstice Arts Centre, An Uaimh.
Satharn 12/11 Amharclann Ghaoth Dobhair
Eolas & Agallaimh ar fáil ó:
Stiúideo Cuan, An Spidéal, Conamara
Tá Stiúideo Cuan ag cur an togra seo i láthair i gcomhar le:
The Arts Council, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Dublin City C
ouncil, TG4, Galway Co Council, Meath Co Council, Galway City Council, Donegal Co Council, Ealaín na Gaeltachta


