+353 (0) 7495 31611
amharclann1961@gmail.com

Imeachtaí

LUX – Gradam Lucht Féachana / LUX – Audience Award

LUX - Gradam Lucht Féachana / LUX - Audience Award
Loading Map....

Date/Time
Date(s) - 12/05/2023
7:00 pm - 9:00 pm

Location
Amharclann Ghaoth Dobhair

Categories No Categories


 

SAOR IN AISCE

Tá lúchair ar Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn dul i gcomhpháirtíocht le hAmharclann Ghaoth Dobhair chun Scannáin atá ainmnithe do Gradam LUX a thaispeáint san Amharclann.

 

LUX – Tugadh isteach an Gradam Eorpach do Scannán don Lucht Féachana in 2020 agus bronnann Parlaimint na hEorpa agus Acadamh Scannán na hEorpa í gach bliain, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas. Tá sé mar aidhm ag Gradam Lucht Féachana LUX naisc a neartú idir an pholaitíocht agus an pobal trí cuireadh a thabhairt do lucht féachana na hEorpa a bheith  gníomhach agus na scannáin is fearr leo a mheas chun  buaiteoir a roghnú. Tá na scannáin á dtaispeáint, agus á rátáil ag lucht féachana ar fud an AE.

 

Gradam Lucht Féachana LUX.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa fotheidealú ar na cúig scannán ar fad i 24 teanga oifigiúil an AE, an Ghaeilge san áireamh, agus déanfar iad a thaispeáint ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Beidh fotheidil i nGaeilge agus i mBéarla ar na taispeántais in Amharclann Ghaoth Dobhair.

 

Tá moladh mór ag dul do na cúig scannán ar an ghearrliosta agus fuair achan cheann acu ainmniúchán agus bhuaigh siad go leor duaiseanna ag féilte scannán ar fud an domhain.

 

Tá an vótáil mar chuid lárnach de na léirithe seo. Tugtar cuireadh do lucht féachana na scannáin Gradam Lucht Féachana LUX a rátáil: cúig réalta ‘ar fheabhas’ agus réalta amháin ‘lag’. Tá an rátáil oscailte go dtí an 12 Meitheamh 2023. Beidh vóta an phobail ó gach cearn den Eoraip agus vóta Feisirí Pharlaimint na hEorpa a chomhcheangal Beidh an scannán buaiteach a fhógairt ag Searmanas Gradam Lucht Féachana LUX ag Parlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2023.

Is deis iontach é don phobal chun cuid de na scannáin Eorpacha is mó cáil a fheiceáil go háitiúil.

 

Seolfar an ‘mionshéasúr’ seo de scannáin Ghradam Lucht Féachana LUX go hoifigiúil Dé hAoine 12 Bealtaine, agus beidh fáiltiú oscailte do gach duine a bheidh i láthair. Tá fáilte roimh chách.

 

Seo a leanas an sceideal. Tá fáilte roimh chách chuig na taispeántais saor in aisce seo.

 

 

 

12.5.2023  7pm, Beidh fáiltiú saor in aisce chun an tsraith scannán a sheoladh ar siúl roimh ré, agus tugtar cuireadh do gach duine a bheidh i láthair.

 

CLOSE

 

Faoi stiúir Lukas Dhont (An Bheilg, an Fhrainc, an Ísiltír | 104 nóim | 2022 | 15A) Teangacha Fraincis agus Ollainnis

 

Cuirtear isteach go tobann ar an chairdeas láidir idir beirt bhuachaillí trí bliana déag d’aois Leo agus Remi. Téann Leo i dteagmháil le Sophie, máthair Remi. Is scannán é “Close” faoi chairdeas agus freagracht.

Tá moladh mór ag dul don scannán, agus tá go leor duaiseanna buaite agus ainmniuchain faighte ag féilte scannán ar fud an domhain lena n-áirítear:

Ainmnithe do Ghradam Acadaimh (Scannán Idirnáisiúnta is Fearr 2023)

Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath (Dublin Film Critics Circle Award don Aisteoir is Fearr)

Féile Scannán Cannes : Grand Prix (buaiteoir); Palme d’Or (ainmnithe)

 

 

TRIANGLE OF SADNESS

 

19 Bealtaine 2023 8pm

 

Arna stiúradh ag Ruben Östlund (An tSualainn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe | 142 nóim | 2022 | 15A) I mBéarla, le fotheidil i nGaeilge

 

Aoir ina n-aistrítear róil agus aicme agus ina nochtar luach geilleagrach na háilleachta.  Tá Carl agus Yaya ag plé le faisin agus iad ag fiosrú teorainneacha a gcaidreamh. Tugtar cuireadh don lánúin dul ar thuras mara  le scaifte de phaisinéirí atá iontach saibhir, oligarch Rúiseach, déileálaithe arm na Breataine agus captaen idiosyncratach, alcólach. Ar dtús, is cosúil go bhfuil achan rud ceart go leor. Ach tá stoirm ag teacht, agus buaileann tinneas farraige  na paisinéirí le linn dinnéar an chaptaen. Críochnaíonn an turas mara go tubaisteach. Tagann Carl agus Yaya ar oileán tréigthe le grúpa billiúnaithe agus duine de ghlantóirí na loinge. Go tobann iompaíonn achan rud bun os cionn, mar is é an coimeádaí tí an t-aon duine a bhfuil eolas aige ar an dóigh le  iascaireacht a dhéanamh.

 

Tá moladh mór ag dul don scannán, agus tá go leor duaiseanna buaite agus ainmniúcháin faighte ag féilte scannán ar fud an domhain lena n-áirítear:

Féile Scannán Cannes: Palme d’Or (buaiteoir)

Gradaim Acadaimh: An pictiúr is fearr (ainmnithe); Scáileán Bunaidh is Fearr (ainmnithe); An Stiúrthóir is Fearr (ainmnithe)

Gradaim Scannán na hEorpa: An Scannán is Fearr (buaiteoir); Stiúrthóir is Fearr (buaiteoir), Aisteoir is Fearr (buaiteoir); Scríbhneoir Scáileáin is Fearr (buaiteoir)

 

 

 

 

 

Burning Days

 

26 Bealtaine 2023 8pm

 

Faoi stiúir Emin Alper (An Tuirc, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ghréig, an Chróit | 130 nóim | 2022 | 16+); Tuircis, le fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge

 

Is ionchúisitheoir é Emre, fear óg, uaillmhianach agus tiomanta. Faigheann sé post i mbaile beag iargúlta, buailte go mór ag géarchéim uisce agus lán le scannal polaitiúil.

 

Ainmníodh an scannán fíor-thráthúil seo leis an stiúrthóir iomráiteach Turcach Emin Alper le haghaidh duaiseanna ag féilte scannán in Ankara, Pula agus Thessaloniki. Ainmníodh Burning Days faoi dhó fosta ag Féile Scannán Cannes 2022.

 

 

 

 

 

 

Alcarrás

 

2 Meitheamh 2023 8pm

 

Faoi stiúir Carla Simón (An Spáinn, An Iodáil | 120 nóim | 2022 | 15A): Teanga Chatalóinis, le fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge

 

Leanann an dráma Spáinneach seo an teaghlach Solé, atá ag tabhairt aire don úllord péitseog i sráidbhaile beag traidisiúnta Catalónach Alcarràs. Tá an teaghlach seo ag  maireachtáil as péitseoga a phiocadh gach samhradh, ach, cinneann an t-úinéir úr painéil ghréine a chur in áit na gcrann. Bhuaigh an scannán The Golden Bear ag an Berlinale in 2022.

 

Buaiteoir an Bhéar Órga ag Féile Scannán Bheirlín in 2022, agus duaiseanna eile ó fhéile scannán

 

 

 

 

 

 

 

Will-O’-the-Wisp

 

3 Meitheamh 2023 8pm

 

Arna stiúradh ag João Pedro Rodrigues (An Phortaingéil, an Fhrainc | 67 nóim | 2022 | 18+); Portaingéilis le fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge

 

Ar leaba a bháis, tugtar a Mhórgacht ríoga Alfredo, rí gan choróin, ar ais go dtí cuimhní  na hóige agus an t-am a shamhlaigh sé a bheith ina fhear dóiteáin.

 

Buaiteoir duaiseanna ag roinnt féilte scannán idirnáisiúnta lena n-áirítear Féile Scannán na Bruiséile, Féile Scannán Seville agus Féile Idirnáisiúnta LGBT Maidrid.