
Date/Time
Date(s) - 03/01/2021
7:00 pm - 7:45 pm
Categories No Categories
Glór na Gaeltachta ar líne gach Domhnach @ 7in
Le feiceál anseo
https://www.facebook.com/watch/ADobhair/
Tá sé ar intinn ag Amharclann Ghaoth Dobhair fiontar úr a chur ar súil sna seachtainí beaga atá amach romhainn. Is mian leis an Amharclann seó/ceolchoirm ghairid a chur i láthair ar bhonn rialta faoin bhrat Glór na Gaeltachta agus é a chraoladh, ag amanna ar leith, ar na meáin shóisialta (m.sh. ar leithéidí Watch Party, Facebook agus/nó YouTube Live).
Is é atá i gceist againn le Glór na Gaeltachta ná gur mian linn aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le ceist na Gaeltachta agus an tionchar atá ag an Ghaeltacht ar chultúr, ar cheol agus ar ealaín na hÉireann agus cé chomh ríthábhachtach agus atá sé a bhfuil i gceist leis an Ghaeltacht mar thobar an chultúir Ghaelaigh gan trácht ar ár dteanga ársa a chaomhnú agus a chothú. Baineann sé le dealramh go gcaillfeadh Éire saibhreas ollmhór dá chaillfí an Ghaeltacht agus is ríléir nach ceist logánta é caomhnú na Gaeltachta ach ceist náisiúnta.
Tá Amharclann Ghaoth Dobhair ag tabhairt cuireadh foscailte d’ealaíontóirí Gaeltachta, bíodh siad óg nó aosta, go haonarach nó mar ghrúpa, píosa ealaíonta nó scil faoi leith a thaifead agus é a sheoladh chugainn. I measc na nithe a d’fhéadfaí a sheoladh, tá píosaí drámaíochta, aithriseoireachta, damhsa nó sceitse; píosaí ceoil nó amhránaíochta; píosa comhrá, sliocht nó dán. Tá neart daoine ardoilte fud fad na Gaeltachta lán le tallann nach bhfaigheann an t-aitheantas cuí agus ba mhaith linn é sin a chur ina cheart trí ardán foscailte a thabhairt
Mar gheal ar na srianta a bhaineann le Covid 19 is féidir linn an cur i láthair agus físeán réamhthaifeadta de na healaíontóirí a chur le chéile mar chlár/seó roimh ré. Caithfidh an píosa a bheith i nGaeilge agus tuairim is 5 go 10 mbomaite ar fhad agus i bhformáid MP4 más féidir. Ní gá taithí a bheith agat roimh ré. Le cead na n-ealaíontóirí, beidh muid ag roinnt an ábhair taifeadta seo ar shuíomh na hAmharclainne agus/nó ar na meáin shóisialta, chun go mbeidh sé mar ábhar siamsaíochta, ábhar dóchais agus ábhar chun daoine a spreagadh le linn na tréimhse éiginnte seo.

